• (bkz: solas) (bkz: gaelic)

    is iníon d'aoire mé féinig gan amhras
    do bhíodh ina cónaí cois taobh na leamhna,
    bhí bothán agam féin ann is fuinneog i gceann de,
    fad a bhíodh an bainne ag téamh agam 'sea ghlaofainn ar na gamhna.

    curfá:
    aililiú na gamhna, na gamhna bána,
    aililiú na gamhna, na gamhna b'iad a b'fhearr liom,
    aililiú na gamhna, na gamhna geala bána,
    fad a bhíodh an bainne ag téamh agam 'sea ghlaofainn ar na gamhna.

    faightear dom cana is faightear dom buarach
    is faightear dom soitheach ina gcuirfead mo chuid uachatair.
    ceolta si na cruinne bheith á síorchur i m' chluasa
    ba bhinne liomsa géimneach na mbó ag teacht chun buaile.

    curfá

    rachaimid ar an aonach is ceannóimid gamhna
    is cuirfimid ar féar iad amach ins na gleannta,
    íosfaidh siad an féar is barr an aitinn ghallda
    is tiocfaidh siad abhaile chun an bhainne i gcóir an tsamhraidh.

    curfá
hesabın var mı? giriş yap